{"id":241,"date":"2013-07-20T12:33:49","date_gmt":"2013-07-20T12:33:49","guid":{"rendered":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/?page_id=241"},"modified":"2025-08-11T09:30:15","modified_gmt":"2025-08-11T09:30:15","slug":"stair-agus-seannachas-ar-muintir","status":"publish","type":"page","link":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/?page_id=241","title":{"rendered":"Stair agus seannachas \u00e1r muintir."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: center;\"><span style=\"text-decoration: underline;\">Atheasc Dh\u00f3mhnail U\u00ed \u00c9alaithe<\/span><\/p>\n<p>T\u00e1 stair agus seannachas \u00e1r s\u00ednnsear faisgithe as an\u00e1lacha fior \u00e1rsa, ann\u00e1lacha a thugann cothruma\u00edocht st\u00e1dais, do thalamh, agus mhuintir na h\u00c9ireann agus Alban le cuid des na cin\u00edocha is \u00e1rsa ar domhain. Stair a th\u00e9igheann siar go dt\u00ed tr\u00e9imhse na D\u00edle n\u00fa tuairim is 9000 bliain \u00f3 leag an ch\u00e9ad fhear cos ar thalamh na h\u00c9ireann.\u00a0 N\u00ed athruigheann na m\u00edlte fada blian, n\u00ed athruighean\u00a0 said na marcanna agus na leacacha a fh\u00e1g na daoine seo ina ndiaidh.\u00a0 Ta s\u00e9 r\u00e1idhte ag \u00fadair staire, n\u00e1 fuil m\u00f3ran tiortha eile ar domhan go bhfuil an lion m\u00f3r de l\u00e1thaireacha seand\u00e1la\u00edochta ionta agus at\u00e1 in \u00c9irinn agus in Albain.\u00a0 Sampla f\u00edor mhaith isea na p\u00e1irceanna c\u00e9ide, i gCo Mhuighe\u00f3, mar a bhfuil an suidheamh r\u00e9 \u2013 chloiche is \u00e1rsa ar domhan, \u00e1it inar ch\u00f3mhnaigh 500 de fheire\u00f3ir\u00ed 5000 \u00f3 shoin, n\u00f3 3000 bliain roim Cr\u00edost.\u00a0 T\u00e1 radharc agus moth\u00fa dra\u00edochti\u00fail\u00a0 \u00a0a baint leis an suidheamh \u00e1rsa seo,don t\u00e9 a th\u00f3gann roinnt coisc\u00e9ameanna s\u00edos tr\u00edd a bportach \u00e1rd.\u00a0 Do bh\u00edos ann agus an ch\u00e9ad coisc\u00e9im a th\u00f3gas s\u00edos, bh\u00edos im\u2019 sheasamh ar plannda\u00ed lobhtha, a bh\u00ed a f\u00e1s sa 9\u00fa aois agsu sa 10\u00fa aois, nuair a bh\u00ed na Lochlannaigh i r\u00e9im in \u00c9irinn. An tarna coisc\u00e9im a th\u00f3gas le f\u00e1naidh, bh\u00edos im\u2019 sheasamh ar fhraoch dre\u00f3idhte a bh\u00ed a\u2019 f\u00e1s ag tus R\u00e9 na Cr\u00edosta\u00edochta nuair a mhair Cr\u00edost in Isra\u00e9l.\u00a0 An Tr\u00ed\u00fa coisc\u00e9im a th\u00f3gas s\u00edos, do th\u00f3g s\u00e9 m\u00e9 go dt\u00ed tr\u00e9imhse na ngaiscaidheacht Ceilteach san Eoraip nuair a bh\u00ed an R\u00f3imh agus Ata\u00e9n na Gr\u00e9ige ina mbailte beaga tuaithe mar Baile Mhuirne agus C\u00fail Aodha.\u00a0 An ceathr\u00fa coisc\u00e9im a th\u00f3gas le f\u00e1nnaidh, bh\u00edos im\u2019 sheasamh ar fhion\u00e1n donn a bh\u00ed a f\u00e1s nuair a fuair Maois na 10 n\u2019aitheannta \u00f3 Dhia ar Chnoc Sinai agus an coisc\u00e9im deirneach a th\u00f3gas bh\u00edos im\u2019 sheasamh ar fhraoch lobhtha a bh\u00ed f\u00e9 bhl\u00e1th nuair a t\u00f3gadh na Pyramids san \u00c9igipt tuairim 3500 bliain R.C. agus cuimhn\u00edm\u00eds go raibh na P\u00e1rceanna C\u00e9ide seo f\u00e9in tr\u00e9igthe f\u00e9n am seo.<\/p>\n<p>Mar a\u2019 gc\u00e9adna dob \u00e9 an toradh a bh\u00ed ar thochailt a deineadh ar Barra Chruach Ph\u00e1draig, tamall de bhlianta \u00f3 shoin, n\u00e1 go raibh c\u00f3mhna\u00ed ar dhaoine ar bharra na cruiache sin idir a 4 agus a 5 de mh\u00edlte \u00f3 shoin, firic a chuireachh Cruach P{h\u00e1draigh ar chomh ch\u00e9im le cnuic mh\u00f3ra de r\u00e9 an Bh\u00edobla mar shampla Cnoc Ararat agsi Cnoc Sinai.\u00a0 N\u00edl ansa ach sampla\u00ed aonaracha, ach chun na f\u00edrinne a r\u00e1, n\u00ed d\u00f3igh liom go bhfuil mile cearnach de thalamh na h\u00c9ireann agus na hAlaban gan iarsma \u00e9igin a chuireann seana stair \u00e1r dt\u00edre i gcuimhne dh\u00fainn, leacacha \u00e1rsa stairi\u00fala a threasnuighean taoide fada na m\u00edlte blian.\u00a0 Go f\u00edrinneach, is museum seand\u00e1la\u00edochta \u00e9\u00a0 talamh na h\u00c9Ireann agus Alaban, mar t\u00e1 cruth\u00fa ar shaol \u00e1r shean- s\u00ednnsear go fl\u00fairseach in \u00e1r dt\u00edmpeall.\u00a0 Do r\u00e9ir tuairisg\u00ed sean-d\u00e1la\u00edochta \u00f3 shuidheamh cl\u00f3chaoil in Oirthear Contae Luimnighe, t\u00e1 cur s\u00edos sa tuairisg san ar threibh a mhair cois Abha an MollC\u00e9ir breis is 9000 bliain \u00f3 shoin, t\u00edmpeal an ama inar scr\u00edobhadh Leabha Genesis n\u00f3 3000 bliain roim NewGrange agus na P\u00e1irceanna C\u00e9ide. Agsu, d\u00e1lth\u2019n sc\u00e9al, \u00f3 thaobh nah Alaban de deir \u00fadair staire go raibh c\u00f3mhna\u00ed ar dhaoine ar dhaoin sa t\u00edr sin 1200 bliain \u00f3 shoin \u00f3 th\u00fas na r\u00e9 cloiche.\u00a0 Sa tr\u00e9imhse r\u00e9amh-staire seo, do thog na h\u00e1itreabhaigh seo cuid des na leachtanna cuimhneach\u00e1in is m\u00f3r-th\u00e1bhchtach is m\u00f3r ch\u00e9imeach is maorga agus is diamhaire ar domhain. Leith\u00e9id\u00ed Dun Mars Hour, Skarra Brae agus ciorcail ealadha\u00edonta cloiche.\u00a0 Tar\u00e9is 12,000 bliain de dhaonradh, n\u00edl m\u00f3ran \u00e1iteanna ar domhan chomh luachmhar le hAlabain \u00f3 thaobh staire agus l\u00e1ithireacha seand\u00e1lacha\u00edochta dhe.<\/p>\n<p>Deir na seana an\u00e1lacha go raibh sgr\u00edbhn\u00f3ireacht ag Gaeil \u00f3 l\u00e1r na 3\u00fa aoise n\u00fa t\u00edmpeall an ama go raibh Cormac Mac Airt I r\u00e9im I dTeamhair.\u00a0 Deir na han\u00e1lacha gur \u00fas\u00e1id p\u00e1g\u00e1naig an c\u00f3ras \u00d3gham ar leachtanna na mairbh agus t\u00e1 na m\u00edlte des na cloche \u00f3ghaim seo scaipithe ar fuaid na h\u00c9ireann indiu.\u00a0 Le linn na ceathr\u00fa aoise d\u00e9ag d dhein ollaimh agus sgoll\u00e1ir\u00ed na h\u00c9ireann seanchas agsu seana stair \u00e1rsa na tire a choipe\u00e1il agus a athsgr\u00ed isteach i leabhair m\u00f3ra an ama san, ar n\u00f3s Leabhar M\u00f3r Bhaile Mh\u00f3ta, Leabhar Laighean, An\u00e1lacha Innis Fallainn agus Leabhar Uladh.\u00a0 T\u00e1 furmh\u00f3r na seana leabhair se oar aon fhocal go dt\u00e1inig na c\u00e9ad daoine go h\u00e9irinn idir a h-ocht agus a naoi de mh\u00edlte blian \u00f3 shoin.\u00a0 N\u00ed f\u00e9idir linn a bheith cinnte c\u00e9rbh iad na c\u00e9ad daoine a leag cos ar thalamh na h\u00c9ireann ach tugann na sean an\u00e1lacha a luadhas, tugann said cuntais\u00ed a bail\u00edodh \u00f3s na seana bh\u00e1ird faoi\u2019s na c\u00e9ad daoine a th\u00e1inig agus seo a leannas an seana-ch\u00fantas \u00e1rsa san.\u00a0\u00a0 \u201cDo th\u00e1inig an seanna threibh seo \u00f3n Mean-\u00d3irthear agus iad an teitheadh \u00f3n nD\u00edle a bh\u00ed f\u00f3gartha ag f\u00e1idh.\u00a0 Mac mic le Naoise ab eadh a gceannaire maraon lena inghean an Banr\u00edon Ces-a\u00e9r agus a lucht lean\u00fana.\u00a0 Do th\u00e1nadar i dt\u00edr i nD\u00fan na Marc san \u00e1it ina bhfuil baile Bheantra\u00ed indiu, ach, mo lom n\u00edor ealaig \u00e9inne \u00f3n dtuille m\u00f3r san, an Dile, a th\u00e1rla 2348 bliain R.C. agus a lean seacht mbliana.<\/p>\n<p>An tarna c\u00fantas 200 blian tareis na D\u00edle, do sheol fear dabhr ainm Partol\u00e1nmde threabhachas na Iasapset, siar tr\u00e9 fharraige na Mean-Mhara, idir an Eoraip agsu an Aifric agus amach sa bhFarraige m\u00f3r Lastiar.\u00a0 Thug s\u00e9 f\u00e9in agus a threabh aghaidh \u00f3 thuaidh.\u00a0 Do bh\u00ed tir na Spainne ar a ndeis\u00a0 ach do leanadar a\u2019 ramha\u00edocht go dt\u00ed gur shroiseadar Oile\u00e1n na gCrann, oile\u00e1n a fuair gairm agus ainm eile dar teideal \u00c9ire 6 n\u00f3 7 de mh\u00edilte bliain ina dhiaidh sin.\u00a0 T\u00e1 sgr\u00edobhta\u00a0 ag sgr\u00edobhn\u00f3ir\u00ed \u00e1rsa gur shrois Partal\u00f3n costa na h\u00c9ireann c\u00fapla c\u00e9ad blian tareis na Dile.\u00a0 T\u00e1 oile\u00e1n S\u00e1imhe ag B\u00e9al Abha na h\u00c9irne ainmithe I gcuimhne ar a\u2019 gcoin, an c\u00fa ab ansa le Partal\u00e1n.\u00a0\u00a0 N\u00edl m\u00f3r\u00e1n eolais breise again f\u00e9\u2019n gc\u00e9ad dream eile a th\u00e1inig.\u00a0 Clann Neimhid a tugtar ortha, ach fo dtangadar \u00f3n R\u00fais sa bhliain 1154 R.C.\u00a0\u00a0 Is beag eolais at\u00e1 again faoi na seana ghabh\u00e1laithe seo toisg n\u00e1r fh\u00e1gadar aon sger\u00edbh\u00edn\u00ed ina ndiaidh.\u00a0 Ach indiaidh clanna Neimid, t\u02cdainig na Fom\u00f3raig agus ina ndiaidh s\u00fad ar\u00eds do th\u00e1inig na Fir Bolg agus andsan na Tuatha D\u00e9 Danainn.<\/p>\n<p>T\u00edmpeal an ama go dtainig na dreamanna \u00e9agsula seo go h\u00c9irinn do bh\u00ed an tir go \u2013eir cl\u00fadaithe le fora\u00edseacha m\u00f3ra de Choll, den nDair, den\u2019 Ph\u00e9in agus den\u2019 Fhuinnse\u00f3g.\u00a0 San am san leis agus i bhfad \u2018na dhiaidh, do bh\u00ed an t\u00edr l\u00e1n de ainmhithe allta ar nos an mactire, an torc, agus an daibh allta. Cineadh staudhma rath\u00fail ab eadh na Fir Bolg agus na Tuatha De Danainn.\u00a0 Do th\u00f3gadar \u00a0leachtanna mora de chlocha agus de liagana mar cuimhne ar na mairbh.\u00a0\u00a0 Tuama\u00ed Dinge a glaodhtar orthu b\u00edonn suas le 12,000 tonna de chlocha agus de leacacha troma ionta agus b\u00edonn, n\u00f3 bhiodh cuid acu maisithe go heala\u00edonta agus go h\u00f3rn\u00e1ideach laistig.\u00a0 Do t\u00f3gadh iad 2000-4000 bliain R.C. agus t\u00e1 said le feiscint i ngach paroiste in \u00c9irinn.\u00a0 T\u00e1 1500 aca sa t\u00edr ar fad.<\/p>\n<p>Ach le linn an ama seo do bh\u00ed cine tabhachtach eile a dul i dtreise agus a teacht chun cinn i l\u00e1r na hEorpa agus sa Spainn.\u00a0 Dob iad s\u00fad na Ceiltig, an dream ba dh\u00e9ana\u00ed agus ba mh\u00f3 le r\u00e1dh a dhein ionsa\u00ed ar \u00c9irinn annal\u00f3d.T\u00e1thar den dtuairim go dt\u00e1nadar t\u00edm[peal 1000 bliain R.C. n\u00f3 t\u00edmpeal an ama go raibh Solomon ina r\u00ed ar Isra\u00e9l.\u00a0 Tugann seana sgr\u00edbhe\u00f3ir\u00ed na Gr\u00e9ige agus na R\u00f3imhe annalod, an cuntas seo leannas ar na Ceiltig.\u00a0 \u201cBa \u00a0dhaoine \u00e1rda dath\u00fail leathan-ghuailleach iad, na Ceiltig, cneas-gheal, s\u00fail-ghorm agus folt fionn, gaiscid\u00eddh misneamhla calma.\u201d\u00a0 Tar\u00e9is d\u00f3ibh ceannas a ghlacadh ar t\u00edr na h\u00c9ireann, do chuir na Ceiltigh dlithe I bhfeidhm a chur cosg ar na dreamanna a bh\u00ed ann r\u00f3mpu a bheith ina dtaoisigh n\u00e1 ina rithe. Do dhearbhaigh na dlighe seo n\u00e1 beadh cead feasta ag \u00e9inne, ach sliocht na gceannair\u00ed ceilteacha Eiremon, \u00c9ire agus \u00cdobhar Donn a bheith tobhtha ina Ri C\u00faige n\u00e1 mar \u00c1rd R\u00ed.\u00a0 N\u00ed hamhain go raibh ana dhifr\u00edocht idir na Ceiltigh agus na seana threabhanna a bh\u00ed ann rompu,\u00f3 thaobh n\u00f3sanna d\u00e9 ach, do bh\u00ed ana difr\u00edochtai eadartha ch\u00f3mh maith \u00f3 thaobh dreacht agus dealramh de.\u00a0 Faoi mar a luadhas, fir mh\u00f3ra, fauna ab ea na Ceiltig, le suile gorma ach daoine beaga dubha ab eadh na seana \u00e1itreabhaigh ach le h-imacht ama do meascadh na cin\u00edocha le na ch\u00e9ile i bp\u00f3sadh agus do deineadh aon mhuintir amhain d\u00edobh ar a dtugtar na Gael.\u00a0 I gcaitheamh na gceadta blian a lean. D\u2019athruig ainm \u00e1rsa na tire go minic \u00f3 Inis Fail go F\u00f3dhla go Banba agus ansan go h\u00c9ire.\u00a0 Agus mar fhocal sguir faoi\u2019s na Ceiltig, t\u00e1 cur s\u00edos I gceann des na seana sgr\u00edbh\u00edn\u00ed ar thaoiseach Ceitig dar b\u2019ainm Ith.\u00a0 Fear a thug an comhairle seo a leannas d\u00e1 mhuintir. \u201c<i>B\u00eddh\u00eddh c\u00e1irdi\u00fail le na ch\u00e9ile<\/i>\u201d a dubhairt s\u00e9, \u201c<i>mar is aoibhinn an t\u00edr ina maireann sibh.\u00a0 Is torth\u00fail \u00e9 an f\u00f3ghmhar. B\u00edonn m\u00e1la cruithneachtain as gach IOmaire.\u00a0 Is measardha agus is c\u00famp\u00f3rdach iad an teas agus an fuacht.\u00a0 T\u00e1 na bradain go raidhseamhail ins na h-aibhn\u00ed, t\u00e1 na ba a\u2019t\u00e1l fuighlach bainne agus, taobh istig de theorainn na tire, t\u00e1 gach a mbeadh a teastail uaibh chun maireacht\u00e1la, ar fail.\u201d<\/i><\/p>\n<p>T\u00e1 stair 5,000 blian ar a laighead a bainnt len\u2019\u00e1r \u00a0s\u00ednnsear, na Ceiltig.\u00a0 Deir an\u00e1lacha \u00e1rsa na R\u00f3imhe agus na Greige gur sh\u00edolruig na ceiltig \u00f3 threibh I dtuaisceart na h-Ind. Do dibr\u00edog iad agus thugadar a n\u2019aghaidh siar a deirtear linn tri thortha na Pacast\u00e1ine, an \u00cdr\u00e1in,, Ioraic agsu an \u00cdordain agus shroiseadar an Isra\u00e9l t\u00edmpeal 1500 R.C. n\u00fa timpeal an ama go bhfuair Maois na 10 n\u2019aitheanta \u00f3 Dhia ar Chnoc Saghnai (As \u201cSg\u00e9al na h\u00e9irean\u201d le A M \u00d3 Suilleabh\u00e1in 1867).\u00a0 Nuair a shroiseadar Oile\u00e1n na gCrann, blianta na dhiaidh san, dob \u00ed Scotia, banr\u00edoghan na gCeilteach \u2013 bean chr\u00f3ga, eirimi\u00fail neamh-eaglach.\u00a0 Do leath a cl\u00fa agsu a c\u00e1il ar fuaid iarthar na hE\u00f3rpa agus tuairim agus 1000 bliain AD do baistach\u00a0 Tir na Scot n\u00f3 T\u00edr Scotia mar ainm ar th\u00edr nah Alban.\u00a0 T\u00edmpeal nab liana 460 d\u2019aistrig l\u00edon m\u00f3r do Ghael Uladh agus chuir f\u00fatha ar ch\u00f3sta nah Alban agus ar na hoileain l\u00e1imh leis. Dob \u00e9 Fergus an Ri ar r\u00edocht bhig Dh\u00e1l Riada i dtuaisceart Aontuma ach nuair a buna\u00edocht Dail Riada nah Alban, do t\u00f3gadh Feargus ina r\u00ed ar a nD\u00e1il sin chomh miath.\u00a0 Mar sin do bh\u00ed Feargus mar r\u00ed ar Dhail Riada \u00c9ireann agus Alban.<\/p>\n<p>Do bhi caradas m\u00f3r idir \u00c9ire agus Alba tareis c\u00f3mhdh\u00e1il Drom Ceat sa bhlian 573 AD agus do galoit\u00ed Scotia M\u00f3r ar \u00c9ire agus Scotia Bheag ar Alaban.<\/p>\n<p>Mar sin, smaoin\u00edm\u00eds n\u00e1ch f\u00ednn sg\u00e9altha gan bhun\u00fas at\u00e1 sa tseannachas \u00e1rsa seo at\u00e1 luaidhte agam.\u00a0 Ni headh i aonchor.\u00a0 Doi bh\u00ed riamh agus ta an Naisiun Gaelach br\u00f3iduil agus m\u00f3ralach i mb\u00e9al aithris na sean.\u00a0 Do bh\u00ed an mianach san i ngeinealach a gcine, miannacg a mhair \u00f3 ghl\u00fain go gl\u00fain i gcaitheamh na milte fada blian.\u00a0 Daoine f\u00edor thabhachtach i seana stair an n\u00e1isi\u00fan Ghaolaig ab eadh an file agus na seanabh\u00e1ird, toisg an luach \u00e1rd-fhi\u00fantach a bh\u00edodh ag \u00e1 muintir i seana stair \u00e1r sinnsear. Do bhiodar f\u00e9 gheasa geinealais cuntais\u00ed cruinn a bhreaca s\u00edos.\u00a0 C\u00fantais\u00ed a mhair i gcuimhne na ndaoine mar ba mhaith le gaeil riamh greim a choime\u00e1d ar an aimsir chaithte.<\/p>\n<p>Dob \u00e9 Conaire M\u00f3r a bh\u00ed ina r\u00ed ar \u00c9irinn nuair a rugadh \u00cdosa Cr\u00edost agus dob \u00e9 Concubhair Mac Neasa a bh\u00ed mar r\u00ed ar Uladh nuair a cuireadh Cr\u00edost chun b\u00e1is.\u00a0 Deir b\u00e9aloideas an ama san gur cuireadh in i\u00fail do;n r\u00ed ar an gc\u00e9ad Aoine an Ch\u00e9asta, go raibh \u00cdosa c\u00e9asta ar Chalvary agus gur fhulaing s\u00e9 b\u00e1s critheaglach.\u00a0 Nair a airig Mac Neasa go raibh fear mac\u00e1nta c\u00e9asta ag daoine barbartha, do th\u00e1inig racht buile feirge air, d\u2019fhulaing s\u00e9 taom cro\u00ed agus thuit s\u00e9 marbh. Dob \u00e9 C\u00fachullain, mac altroma\u00a0 Chonrubhair Mic Neas, gaiscaidheach calma na bhf\u00ednn-sg\u00e9al, laoch go leanfaidh a ch\u00e1il faoi eachtra\u00ed na Tain B\u00f3 Cuailighe.<\/p>\n<p>T\u00e1 cur s\u00edos ins na han\u00e1lcha ar ch\u00e9as \u00cdosa Cr\u00edost ar Calvary ar a ggc\u00e9ad Aoine an Ch\u00e9asta.\u00a0 Do bh\u00ed, adeir na c\u00fantais\u00ed seo, ionnada\u00ed as gach cine ar domhan, ar chnoc Calvary ar an l\u00e1 uathbh\u00e1sach san.\u00a0 Do bh\u00ed Conal Cearnach, \u00f3 Chuige Uladh, i gCathair Iar\u00fasalem ar an l\u00e1 \u00e1irithe san agus bh\u00ed s\u00e9 i l\u00e1thair an ch\u00e9asta ar son an N\u00e1si\u00fan Gaelaig.\u00a0 Is amhalaig a bh\u00ed Conal scaoilthe saor \u00f3 pr\u00edos\u00fan ag na Rom\u00e1naigh sa Talamh Naomhtha t\u00edmpeal an ama seo agus do lean s\u00e9 an slua, go Cnoc Calvary.\u00a0 Is \u00e9 \u00c9ithne N\u00ed Carbaire a thugann an c\u00fantas seo ina leabhar \u201cStair na gCeilteach\u201d.<\/p>\n<p>200 blian \u2018na dhiaidh san, do ghluais Cormac Mac Airt soir tr\u00e9 Mhachaire M\u00e9ith na M\u00eddhe agus do chuir f\u00e9 i dTeamhair.\u00a0 Is timplea an ama san a th\u00e1inig Fionn Mac Cumhail agus Fianna \u00c9ireann ar phicti\u00far na staire, leith\u00e9id\u00ed Caoilte Mac R\u00f3n\u00e1in, Diarmuid \u00d3 Duibhne, Ois\u00edn agus Oscar Mac Ois\u00edn.\u00a0 Do bh\u00ed s\u00e9 beagn\u00e1ch do-dh\u00e9anta ar a\u2019 ngn\u00e1th duine, ionad a bhaint amach sa bhF\u00e9inn.\u00a0 Sara nglacfa\u00ed le ball nua, n\u00edor bhfol\u00e1ir do l\u00e9imt thar mhaide a bh\u00e9adh ar aon aoirde leis f\u00e9in agus \u00e9 ina sheasamh i bpoll sa tallamh suas go dt\u00ed na smig.\u00a0 Do bheadh air \u00e9 f\u00e9in a chosaint in aghaidh naoin\u00far fear agus a bhuidhean fear ina dhiaidh, gan cip\u00edn a bhriseadh f\u00e9 na chosaibh agus gan gruaig a ch\u00ednnn a dhul in achrann ins na crannaibh agus n\u00edor mh\u00f3r do a bheith i nd\u00e1n dealg a phiocadh as bonn a choise agus \u00e9 a rit.\u00a0 Do bheadh air dh\u00e1 leabhar deag de fhill\u00edocht do bheith de ghlan mheabhair aige agus \u00e9 a bheith ar a chumas d\u00e1n n\u00fa epic fila\u00edochta a cheapadh.\u00a0 \u2013 Seo a leana cuid de thr\u00e9ithe na F\u00e9inne.\u00a0 \u201cF\u00edrinne in\u00e1r gcro\u00ed, neart in\u00e1r l\u00e1mhaibh agus comhl\u00edontacht in \u00e1r dteangtha\u00edbh.\u201d\u00a0 Deir na Ceithre M\u00e1istir\u00ed go bhfuair Fionn b\u00e1s agus gur sgriosadh na Fianna I gCath Ghabhra sa bhlian 284.\u00a0 T\u00e1 na sg\u00e9altha Fiannaidheachta mar chuid de bh\u00e9aloideas an N\u00e1isi\u00fan Gaelach in \u00c9irinn agus Alabain \u00f3n dtr\u00ed\u00fa aois go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 indiu ann.<\/p>\n<p>Timpeal t\u00fas na 7\u00fa aoise, do fuair \u00c9ire an teideal \u2018Oile\u00e1n na Naomh agus na n\u2019Ollamh\u201d ar fuaid Mor Roinn na hEorpa.\u00a0 Sa 10\u00fa aois do dhein na danair sgr\u00edos ar mh\u00f3ran des na seana l\u00e1mh-sgr\u00edbh\u00edn\u00ed luachmhara ach, t\u00e1 roinnt aca le feisgint f\u00f3s, n\u00ed hamh\u00e1in in \u00c9irinn agus Alaba, ach i leabharlanna i Sasana agus ar an M\u00f3r Roinn.\u00a0 Is e Leabhar Cheannanais, a sgr\u00edobhadh ar an oile\u00e1n seo, an se\u00f3d is \u00e1ille agus is luachmhaire des na seana l\u00e1mh scgr\u00edbh\u00edn\u00ed maisithe seo.\u00a0 C\u00f3ip des na ceithre soisc\u00e9il , sgriobhtha i laidean i gcaitheamh na haoise at\u00e1 ann.\u00a0 Ta cur s\u00edos ar \u00fadair agus ag ceardaithe eala\u00edona an lae inndiu ar \u00e1ileacht draiochti\u00fail, do chreidte an leabhair diamhair neamh chointianta seo.\u00a0 Cuireann s\u00e9 ioghantas agus latha s\u00fal ar \u00fadair agus ar ch\u00e9imithe foghluimtha s\u00ednnsearacha an ama seo.<\/p>\n<p>I dt\u00fas na s\u00e9\u00fa aoise, do ghluais manaig \u00c9ireannacha ar fuaid na hEorpa agus iad a craobhscaoileadh an chreidimh do phobail na gceanntracha agus na t\u00edortha \u00e9ags\u00fala agus iad go minic i gcunt\u00fairt a n\u2019anama \u00f3 dhaoine barbartha agus \u00f3 ainmhithe allta.\u00a0 Do chuadar \u00f3n Mhuir Artach go dt\u00ed an Aifric agus \u00f3s na Pyrenees go dt\u00ed an Phailistin.\u00a0 Agus mar fhocal sguir, seo leannas an cur sios a dhein an sgol\u00e1ire Gearm\u00e1nach Kuno Meyer faoi na manaigh \u00c9ireanacha seo, suas le c\u00e9ad bliain \u00f3 shoin.\u00a0 \u201cNuair a bh\u00ed an domhan m\u00f3r b\u00e1idhte i mbarbaireacht agus i ngangaideacht \u00f3n 6\u00fa go dt\u00ed an 10\u00fa aois\u201d aduairt s\u00e9, \u201cle cuiripigh agus le ropair\u00ed droch-l\u00e1sacha, so sheol na mannaig gaolacha seo go t\u00edortha an domhain, a muineadh an t-soisc\u00e9il agus a leathadh eolais.\u00a0 Daoine Cr\u00edost\u00fala a bh\u00ed dearbhtha d\u00edcheallach agus d\u00edocasach ab ea iad, eadarg\u00e1bhalaithe de\u2019n scoth a chaith a saol a\u2019 coth\u00fa muintearais idir treibheanna dains\u00e9aracha agus a\u2019 deanamh caradais eadartha.\u00a0 Sa tr\u00e9imhse fada ama san, do thairig an N\u00e1isi\u00fan Gaelach \u00e1ird an domhain uirthe f\u00e9in mar sgol\u00e1ir\u00ed, mar \u00fadair na criosta\u00edochta agus mar cheannair\u00ed na sioch\u00e1na n\u00ed hamh\u00e1in do phobail \u00e9ags\u00fala agus do threibheanna i dt\u00edortha i bhfad i gc\u00e9in ach do righte agus do impir\u00ed an domhain chomh maith.\u00a0 D\u00e1 mbeadh cuntas cruim ar fail faois na c\u00e9adta agus na m\u00edlte misn\u00e9ir\u00ed gaelacha a sheol tahr lear, gan filleadh go\u00a0 br\u00e1ch, do bheadh rolla dea-shamplach des na laochra seo again a chuirfeadh iongnadh agus alltacht agus br\u00f3d orainn.\u00a0 Is ag Dia amh\u00e1in at\u00e1 an liosta fada san.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Atheasc Dh\u00f3mhnail U\u00ed \u00c9alaithe T\u00e1 stair agus seannachas \u00e1r s\u00ednnsear faisgithe as an\u00e1lacha fior \u00e1rsa, ann\u00e1lacha a thugann cothruma\u00edocht st\u00e1dais, do thalamh, agus mhuintir na h\u00c9ireann agus Alban [..]<\/p>\n","protected":false},"author":136,"featured_media":0,"parent":251,"menu_order":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"","meta":{"footnotes":""},"class_list":["post-241","page","type-page","status-publish","hentry"],"_links":{"self":[{"href":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/pages\/241","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/136"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=241"}],"version-history":[{"count":4,"href":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/pages\/241\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":246,"href":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/pages\/241\/revisions\/246"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/pages\/251"}],"wp:attachment":[{"href":"http:\/\/droicheadnangael.ie\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=241"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}