Stair agus seannachas ár muintir.

Atheasc Dhómhnail Uí Éalaithe

Tá stair agus seannachas ár sínnsear faisgithe as análacha fior ársa, annálacha a thugann cothrumaíocht stádais, do thalamh, agus mhuintir na hÉireann agus Alban le cuid des na ciníocha is ársa ar domhain. Stair a théigheann siar go dtí tréimhse na Díle nú tuairim is 9000 bliain ó leag an chéad fhear cos ar thalamh na hÉireann.  Ní athruigheann na mílte fada blian, ní athruighean  said na marcanna agus na leacacha a fhág na daoine seo ina ndiaidh.  Ta sé ráidhte ag údair staire, ná fuil móran tiortha eile ar domhan go bhfuil an lion mór de láthaireacha seandálaíochta ionta agus atá in Éirinn agus in Albain.  Sampla fíor mhaith isea na páirceanna céide, i gCo Mhuigheó, mar a bhfuil an suidheamh ré – chloiche is ársa ar domhan, áit inar chómhnaigh 500 de fheireóirí 5000 ó shoin, nó 3000 bliain roim Críost.  Tá radharc agus mothú draíochtiúil   a baint leis an suidheamh ársa seo,don té a thógann roinnt coiscéameanna síos tríd a bportach árd.  Do bhíos ann agus an chéad coiscéim a thógas síos, bhíos im’ sheasamh ar planndaí lobhtha, a bhí a fás sa 9ú aois agsu sa 10ú aois, nuair a bhí na Lochlannaigh i réim in Éirinn. An tarna coiscéim a thógas le fánaidh, bhíos im’ sheasamh ar fhraoch dreóidhte a bhí a’ fás ag tus Ré na Críostaíochta nuair a mhair Críost in Israél.  An Tríú coiscéim a thógas síos, do thóg sé mé go dtí tréimhse na ngaiscaidheacht Ceilteach san Eoraip nuair a bhí an Róimh agus Ataén na Gréige ina mbailte beaga tuaithe mar Baile Mhuirne agus Cúil Aodha.  An ceathrú coiscéim a thógas le fánnaidh, bhíos im’ sheasamh ar fhionán donn a bhí a fás nuair a fuair Maois na 10 n’aitheannta ó Dhia ar Chnoc Sinai agus an coiscéim deirneach a thógas bhíos im’ sheasamh ar fhraoch lobhtha a bhí fé bhláth nuair a tógadh na Pyramids san Éigipt tuairim 3500 bliain R.C. agus cuimhnímís go raibh na Párceanna Céide seo féin tréigthe fén am seo.

Mar a’ gcéadna dob é an toradh a bhí ar thochailt a deineadh ar Barra Chruach Phádraig, tamall de bhlianta ó shoin, ná go raibh cómhnaí ar dhaoine ar bharra na cruiache sin idir a 4 agus a 5 de mhílte ó shoin, firic a chuireachh Cruach P{hádraigh ar chomh chéim le cnuic mhóra de ré an Bhíobla mar shampla Cnoc Ararat agsi Cnoc Sinai.  Níl ansa ach samplaí aonaracha, ach chun na fírinne a rá, ní dóigh liom go bhfuil mile cearnach de thalamh na hÉireann agus na hAlaban gan iarsma éigin a chuireann seana stair ár dtíre i gcuimhne dhúinn, leacacha ársa stairiúla a threasnuighean taoide fada na mílte blian.  Go fírinneach, is museum seandálaíochta é  talamh na hÉIreann agus Alaban, mar tá cruthú ar shaol ár shean- sínnsear go flúirseach in ár dtímpeall.  Do réir tuairisgí sean-dálaíochta ó shuidheamh clóchaoil in Oirthear Contae Luimnighe, tá cur síos sa tuairisg san ar threibh a mhair cois Abha an MollCéir breis is 9000 bliain ó shoin, tímpeal an ama inar scríobhadh Leabha Genesis nó 3000 bliain roim NewGrange agus na Páirceanna Céide. Agsu, dálth’n scéal, ó thaobh nah Alaban de deir údair staire go raibh cómhnaí ar dhaoine ar dhaoin sa tír sin 1200 bliain ó shoin ó thús na ré cloiche.  Sa tréimhse réamh-staire seo, do thog na háitreabhaigh seo cuid des na leachtanna cuimhneacháin is mór-thábhchtach is mór chéimeach is maorga agus is diamhaire ar domhain. Leithéidí Dun Mars Hour, Skarra Brae agus ciorcail ealadhaíonta cloiche.  Taréis 12,000 bliain de dhaonradh, níl móran áiteanna ar domhan chomh luachmhar le hAlabain ó thaobh staire agus láithireacha seandálachaíochta dhe.

Deir na seana análacha go raibh sgríbhnóireacht ag Gaeil ó lár na 3ú aoise nú tímpeall an ama go raibh Cormac Mac Airt I réim I dTeamhair.  Deir na hanálacha gur úsáid págánaig an córas Ógham ar leachtanna na mairbh agus tá na mílte des na cloche óghaim seo scaipithe ar fuaid na hÉireann indiu.  Le linn na ceathrú aoise déag d dhein ollaimh agus sgolláirí na hÉireann seanchas agsu seana stair ársa na tire a choipeáil agus a athsgrí isteach i leabhair móra an ama san, ar nós Leabhar Mór Bhaile Mhóta, Leabhar Laighean, Análacha Innis Fallainn agus Leabhar Uladh.  Tá furmhór na seana leabhair se oar aon fhocal go dtáinig na céad daoine go héirinn idir a h-ocht agus a naoi de mhílte blian ó shoin.  Ní féidir linn a bheith cinnte cérbh iad na céad daoine a leag cos ar thalamh na hÉireann ach tugann na sean análacha a luadhas, tugann said cuntaisí a bailíodh ós na seana bháird faoi’s na céad daoine a tháinig agus seo a leannas an seana-chúntas ársa san.   “Do tháinig an seanna threibh seo ón Mean-Óirthear agus iad an teitheadh ón nDíle a bhí fógartha ag fáidh.  Mac mic le Naoise ab eadh a gceannaire maraon lena inghean an Banríon Ces-aér agus a lucht leanúna.  Do thánadar i dtír i nDún na Marc san áit ina bhfuil baile Bheantraí indiu, ach, mo lom níor ealaig éinne ón dtuille mór san, an Dile, a thárla 2348 bliain R.C. agus a lean seacht mbliana.

An tarna cúntas 200 blian tareis na Díle, do sheol fear dabhr ainm Partolánmde threabhachas na Iasapset, siar tré fharraige na Mean-Mhara, idir an Eoraip agsu an Aifric agus amach sa bhFarraige mór Lastiar.  Thug sé féin agus a threabh aghaidh ó thuaidh.  Do bhí tir na Spainne ar a ndeis  ach do leanadar a’ ramhaíocht go dtí gur shroiseadar Oileán na gCrann, oileán a fuair gairm agus ainm eile dar teideal Éire 6 nó 7 de mhíilte bliain ina dhiaidh sin.  Tá sgríobhta  ag sgríobhnóirí ársa gur shrois Partalón costa na hÉireann cúpla céad blian tareis na Dile.  Tá oileán Sáimhe ag Béal Abha na hÉirne ainmithe I gcuimhne ar a’ gcoin, an cú ab ansa le Partalán.   Níl mórán eolais breise again fé’n gcéad dream eile a tháinig.  Clann Neimhid a tugtar ortha, ach fo dtangadar ón Rúis sa bhliain 1154 R.C.   Is beag eolais atá again faoi na seana ghabhálaithe seo toisg nár fhágadar aon sgeríbhíní ina ndiaidh.  Ach indiaidh clanna Neimid, tˍainig na Fomóraig agus ina ndiaidh súd arís do tháinig na Fir Bolg agus andsan na Tuatha Dé Danainn.

Tímpeal an ama go dtainig na dreamanna éagsula seo go hÉirinn do bhí an tir go –eir clúdaithe le foraíseacha móra de Choll, den nDair, den’ Phéin agus den’ Fhuinnseóg.  San am san leis agus i bhfad ‘na dhiaidh, do bhí an tír lán de ainmhithe allta ar nos an mactire, an torc, agus an daibh allta. Cineadh staudhma rathúil ab eadh na Fir Bolg agus na Tuatha De Danainn.  Do thógadar  leachtanna mora de chlocha agus de liagana mar cuimhne ar na mairbh.   Tuamaí Dinge a glaodhtar orthu bíonn suas le 12,000 tonna de chlocha agus de leacacha troma ionta agus bíonn, nó bhiodh cuid acu maisithe go healaíonta agus go hórnáideach laistig.  Do tógadh iad 2000-4000 bliain R.C. agus tá said le feiscint i ngach paroiste in Éirinn.  Tá 1500 aca sa tír ar fad.

Ach le linn an ama seo do bhí cine tabhachtach eile a dul i dtreise agus a teacht chun cinn i lár na hEorpa agus sa Spainn.  Dob iad súd na Ceiltig, an dream ba dhéanaí agus ba mhó le rádh a dhein ionsaí ar Éirinn annalód.Táthar den dtuairim go dtánadar tím[peal 1000 bliain R.C. nó tímpeal an ama go raibh Solomon ina rí ar Israél.  Tugann seana sgríbheóirí na Gréige agus na Róimhe annalod, an cuntas seo leannas ar na Ceiltig.  “Ba  dhaoine árda dathúil leathan-ghuailleach iad, na Ceiltig, cneas-gheal, súil-ghorm agus folt fionn, gaiscidídh misneamhla calma.”  Taréis dóibh ceannas a ghlacadh ar tír na hÉireann, do chuir na Ceiltigh dlithe I bhfeidhm a chur cosg ar na dreamanna a bhí ann rómpu a bheith ina dtaoisigh ná ina rithe. Do dhearbhaigh na dlighe seo ná beadh cead feasta ag éinne, ach sliocht na gceannairí ceilteacha Eiremon, Éire agus Íobhar Donn a bheith tobhtha ina Ri Cúige ná mar Árd Rí.  Ní hamhain go raibh ana dhifríocht idir na Ceiltigh agus na seana threabhanna a bhí ann rompu,ó thaobh nósanna dé ach, do bhí ana difríochtai eadartha chómh maith ó thaobh dreacht agus dealramh de.  Faoi mar a luadhas, fir mhóra, fauna ab ea na Ceiltig, le suile gorma ach daoine beaga dubha ab eadh na seana áitreabhaigh ach le h-imacht ama do meascadh na ciníocha le na chéile i bpósadh agus do deineadh aon mhuintir amhain díobh ar a dtugtar na Gael.  I gcaitheamh na gceadta blian a lean. D’athruig ainm ársa na tire go minic ó Inis Fail go Fódhla go Banba agus ansan go hÉire.  Agus mar fhocal sguir faoi’s na Ceiltig, tá cur síos I gceann des na seana sgríbhíní ar thaoiseach Ceitig dar b’ainm Ith.  Fear a thug an comhairle seo a leannas dá mhuintir. “Bídhídh cáirdiúil le na chéile” a dubhairt sé, “mar is aoibhinn an tír ina maireann sibh.  Is torthúil é an fóghmhar. Bíonn mála cruithneachtain as gach IOmaire.  Is measardha agus is cúmpórdach iad an teas agus an fuacht.  Tá na bradain go raidhseamhail ins na h-aibhní, tá na ba a’tál fuighlach bainne agus, taobh istig de theorainn na tire, tá gach a mbeadh a teastail uaibh chun maireachtála, ar fail.”

Tá stair 5,000 blian ar a laighead a bainnt len’ár  sínnsear, na Ceiltig.  Deir análacha ársa na Róimhe agus na Greige gur shíolruig na ceiltig ó threibh I dtuaisceart na h-Ind. Do dibríog iad agus thugadar a n’aghaidh siar a deirtear linn tri thortha na Pacastáine, an Íráin,, Ioraic agsu an Íordain agus shroiseadar an Israél tímpeal 1500 R.C. nú timpeal an ama go bhfuair Maois na 10 n’aitheanta ó Dhia ar Chnoc Saghnai (As “Sgéal na héirean” le A M Ó Suilleabháin 1867).  Nuair a shroiseadar Oileán na gCrann, blianta na dhiaidh san, dob í Scotia, banríoghan na gCeilteach – bean chróga, eirimiúil neamh-eaglach.  Do leath a clú agsu a cáil ar fuaid iarthar na hEórpa agus tuairim agus 1000 bliain AD do baistach  Tir na Scot nó Tír Scotia mar ainm ar thír nah Alban.  Tímpeal nab liana 460 d’aistrig líon mór do Ghael Uladh agus chuir fútha ar chósta nah Alban agus ar na hoileain láimh leis. Dob é Fergus an Ri ar ríocht bhig Dhál Riada i dtuaisceart Aontuma ach nuair a bunaíocht Dail Riada nah Alban, do tógadh Feargus ina rí ar a nDáil sin chomh miath.  Mar sin do bhí Feargus mar rí ar Dhail Riada Éireann agus Alban.

Do bhi caradas mór idir Éire agus Alba tareis cómhdháil Drom Ceat sa bhlian 573 AD agus do galoití Scotia Mór ar Éire agus Scotia Bheag ar Alaban.

Mar sin, smaoinímís nách fínn sgéaltha gan bhunús atá sa tseannachas ársa seo atá luaidhte agam.  Ni headh i aonchor.  Doi bhí riamh agus ta an Naisiun Gaelach bróiduil agus móralach i mbéal aithris na sean.  Do bhí an mianach san i ngeinealach a gcine, miannacg a mhair ó ghlúin go glúin i gcaitheamh na milte fada blian.  Daoine fíor thabhachtach i seana stair an náisiún Ghaolaig ab eadh an file agus na seanabháird, toisg an luach árd-fhiúntach a bhíodh ag á muintir i seana stair ár sinnsear. Do bhiodar fé gheasa geinealais cuntaisí cruinn a bhreaca síos.  Cúntaisí a mhair i gcuimhne na ndaoine mar ba mhaith le gaeil riamh greim a choimeád ar an aimsir chaithte.

Dob é Conaire Mór a bhí ina rí ar Éirinn nuair a rugadh Íosa Críost agus dob é Concubhair Mac Neasa a bhí mar rí ar Uladh nuair a cuireadh Críost chun báis.  Deir béaloideas an ama san gur cuireadh in iúil do;n rí ar an gcéad Aoine an Chéasta, go raibh Íosa céasta ar Chalvary agus gur fhulaing sé bás critheaglach.  Nair a airig Mac Neasa go raibh fear macánta céasta ag daoine barbartha, do tháinig racht buile feirge air, d’fhulaing sé taom croí agus thuit sé marbh. Dob é Cúchullain, mac altroma  Chonrubhair Mic Neas, gaiscaidheach calma na bhfínn-sgéal, laoch go leanfaidh a cháil faoi eachtraí na Tain Bó Cuailighe.

Tá cur síos ins na hanálcha ar chéas Íosa Críost ar Calvary ar a ggcéad Aoine an Chéasta.  Do bhí, adeir na cúntaisí seo, ionnadaí as gach cine ar domhan, ar chnoc Calvary ar an lá uathbhásach san.  Do bhí Conal Cearnach, ó Chuige Uladh, i gCathair Iarúsalem ar an lá áirithe san agus bhí sé i láthair an chéasta ar son an Násiún Gaelaig.  Is amhalaig a bhí Conal scaoilthe saor ó príosún ag na Románaigh sa Talamh Naomhtha tímpeal an ama seo agus do lean sé an slua, go Cnoc Calvary.  Is é Éithne Ní Carbaire a thugann an cúntas seo ina leabhar “Stair na gCeilteach”.

200 blian ‘na dhiaidh san, do ghluais Cormac Mac Airt soir tré Mhachaire Méith na Mídhe agus do chuir fé i dTeamhair.  Is timplea an ama san a tháinig Fionn Mac Cumhail agus Fianna Éireann ar phictiúr na staire, leithéidí Caoilte Mac Rónáin, Diarmuid Ó Duibhne, Oisín agus Oscar Mac Oisín.  Do bhí sé beagnách do-dhéanta ar a’ ngnáth duine, ionad a bhaint amach sa bhFéinn.  Sara nglacfaí le ball nua, níor bhfoláir do léimt thar mhaide a bhéadh ar aon aoirde leis féin agus é ina sheasamh i bpoll sa tallamh suas go dtí na smig.  Do bheadh air é féin a chosaint in aghaidh naoinúr fear agus a bhuidhean fear ina dhiaidh, gan cipín a bhriseadh fé na chosaibh agus gan gruaig a chínnn a dhul in achrann ins na crannaibh agus níor mhór do a bheith i ndán dealg a phiocadh as bonn a choise agus é a rit.  Do bheadh air dhá leabhar deag de fhillíocht do bheith de ghlan mheabhair aige agus é a bheith ar a chumas dán nú epic filaíochta a cheapadh.  – Seo a leana cuid de thréithe na Féinne.  “Fírinne inár gcroí, neart inár lámhaibh agus comhlíontacht in ár dteangthaíbh.”  Deir na Ceithre Máistirí go bhfuair Fionn bás agus gur sgriosadh na Fianna I gCath Ghabhra sa bhlian 284.  Tá na sgéaltha Fiannaidheachta mar chuid de bhéaloideas an Náisiún Gaelach in Éirinn agus Alabain ón dtríú aois go dtí an lá atá indiu ann.

Timpeal tús na 7ú aoise, do fuair Éire an teideal ‘Oileán na Naomh agus na n’Ollamh” ar fuaid Mor Roinn na hEorpa.  Sa 10ú aois do dhein na danair sgríos ar mhóran des na seana lámh-sgríbhíní luachmhara ach, tá roinnt aca le feisgint fós, ní hamháin in Éirinn agus Alaba, ach i leabharlanna i Sasana agus ar an Mór Roinn.  Is e Leabhar Cheannanais, a sgríobhadh ar an oileán seo, an seód is áille agus is luachmhaire des na seana lámh scgríbhíní maisithe seo.  Cóip des na ceithre soiscéil , sgriobhtha i laidean i gcaitheamh na haoise atá ann.  Ta cur síos ar údair agus ag ceardaithe ealaíona an lae inndiu ar áileacht draiochtiúil, do chreidte an leabhair diamhair neamh chointianta seo.  Cuireann sé ioghantas agus latha súl ar údair agus ar chéimithe foghluimtha sínnsearacha an ama seo.

I dtús na séú aoise, do ghluais manaig Éireannacha ar fuaid na hEorpa agus iad a craobhscaoileadh an chreidimh do phobail na gceanntracha agus na tíortha éagsúla agus iad go minic i gcuntúirt a n’anama ó dhaoine barbartha agus ó ainmhithe allta.  Do chuadar ón Mhuir Artach go dtí an Aifric agus ós na Pyrenees go dtí an Phailistin.  Agus mar fhocal sguir, seo leannas an cur sios a dhein an sgoláire Gearmánach Kuno Meyer faoi na manaigh Éireanacha seo, suas le céad bliain ó shoin.  “Nuair a bhí an domhan mór báidhte i mbarbaireacht agus i ngangaideacht ón 6ú go dtí an 10ú aois” aduairt sé, “le cuiripigh agus le ropairí droch-lásacha, so sheol na mannaig gaolacha seo go tíortha an domhain, a muineadh an t-soiscéil agus a leathadh eolais.  Daoine Críostúla a bhí dearbhtha dícheallach agus díocasach ab ea iad, eadargábhalaithe de’n scoth a chaith a saol a’ cothú muintearais idir treibheanna dainséaracha agus a’ deanamh caradais eadartha.  Sa tréimhse fada ama san, do thairig an Náisiún Gaelach áird an domhain uirthe féin mar sgoláirí, mar údair na criostaíochta agus mar cheannairí na siochána ní hamháin do phobail éagsúla agus do threibheanna i dtíortha i bhfad i gcéin ach do righte agus do impirí an domhain chomh maith.  Dá mbeadh cuntas cruim ar fail faois na céadta agus na mílte misnéirí gaelacha a sheol tahr lear, gan filleadh go  brách, do bheadh rolla dea-shamplach des na laochra seo again a chuirfeadh iongnadh agus alltacht agus bród orainn.  Is ag Dia amháin atá an liosta fada san.

Leave a Reply